Saturday 1 August 2009

Féile an Droichead 2009


Inné, d'fhreastal mé ar seoladh Féile an Droichead 2009.

Imeacht den scoth, mar is gnáth ag an Droichead, agus bhí a lán daoine i láthair don láinseáil; daoine ón Ard Mheara Béal Feirste, Naomi Long, go dtí BPÉ don Tuaisceart Bairbre de Brún, agus laochra an phobal Ghaelach Séamas Mac Seáin.

Tá a lán moladh tuilte ag Pól agus Ray agus achan uile duine atá bainte leis an Droichead tharr na blaintaí. Is léir ó inné agus ó a lán rudaí eile, go bhfuil an Droichead ag dul ó neart go neart agus go néirí leo!

Tá stair fhada agam fhéin leis an áit, ó a chuaigh mé ar scéim samhradh an Droichead cuid mhaith blain ó shin, go dtí gur thosaigh mé ag obair ar an scéim céanna!

Is áis den scoth é don phoabl gaelach i nDeisceart agus Oirthear Bhéal Feirste, áis a d'fhás ó grupa bheag tuismitheorií croaga sa Trá Ghearr go luath sna 80í nuair nach raibh sé chomh fáisiúnta, nó ní raibh an meid céanna tacaíocht ann do leithead de rud. Anois, is áis den scoth é don tír ar fad agus is ceart go bhfuil an Droichead áithnithe mar ceann de na tionscadal gaelach is fearr in Eirinn, mar is fíor sin!!

Guím gach rath an an Fhéile agus orthu siúd uilig a bheas páirteach.

Tuilleadh eolais anseo

No comments:

Post a Comment