Thursday 24 September 2009

Seachtain tábhachtach don Ghaeilge sna Sé Chontae


Bhí an coiste ón Eoraip, COMEX, ar chuairt sna Sé Chontae an seachtain seo; buail siad leis an Aire Oideachas maidir le cur chun chin an Cairt Eorpach.

Rinne Caitríona Ruane cur i láthair ar an sár-oibre atá ar bun ag Roinn s’aici maidir leis an Ghaeilge agus cur chun chinn an teanga i dtaca leis an chóras oideachas agus go hinmheánach sa Roinn chomh maith.

Thapaigh sí an deis le himní Sinn Féin a ardú maidir le cúrsaí teanga anseo sa Tuaisceart agus teipeanna an DUP agus Rialtais na Breataine ó thaobh dualgaisí s’acu. Creidim go raibh siad eolach ar cúrsaí anseo go maith. Tá súil agam go mbeidh siad gníomhach i dtaca le cearta Gaeilgeoirí anseo.

Inniu rinne saineolaithe ón rialtais i mBaile Átha Cliath, an Albain agus an Bhreatain bheag cur i láthair ar deá-chleachtais maidir le reachtaíocht teanga.

Buail mé fhéin isteach sa seomra ina raibh an coiste DCAL ag bualadh ag d’éist mé leis an méid a bhí le rá acu. Go forleathan, ba rud deimhneach, fiúntach é ceart go leor ach anois ta orainn lean leis ar bhrú a chuir ar an DUP agus Rialtais na Breataine fa choinne reachtaíocht, fiúntach, bunaithe ar cearta a bhaint amach anseo sna Sé Chontae.

Beidh an Aire nua Nelson McAusland os comhair an Choiste i mí na Nollaig agus is cinnte go mbeidh sin ina imeacht suimiúla!!

Beidh Sinn Féin ag lean linn san obair ar son an Acht agus ar son comhionannas do Ghaeilgeoirí ó Thuaidh. Is cosúil go bhfuil an teanga dúchais faoi bhagairt fud fad na tíre agus ar feadh fáthanna difriúla ach rud amháin a bhfuil cinnte na go bhfuil an phobail ghaelach a’ seasamh le chéile ar son an teanga agus ar sona chéile. Chomh maith le sin, ta orainn díriú isteach ar na rudaí a bhfuil fíor, na rudaí a bhfuil daoine buartha faoi agus go cinnte, na rudaí a gheobhaimis muid tríd an géarchéim seo.
Tá a lán obair romhainn ach gan a bheith saonta faoi seo ach mar a deireann an tseanfhocail “ní neart go chuir le chéile”.
Mar eolais: Seo ráitís ó cuplá lá anuas
Saineolaithe teanga le dea-chleachtais a roinnt leis an Choiste DCAL

Ag labhairt roimh an chur i láthair ó shaineolaithe teanga atá i ndiaidh teacht ó na rialtais i mBaile Átha Cliath, sa Bhreatain Bheag agus in Albain Déardaoin, dúirt Cathaoirleach an Choiste, Barra MacGhiolla Dhuibh:"Tabharfaidh an cur i láthair seo inniu deis iontach léirsteanach agus faisnéiseach do choiste s’againn. Beidh na hionadaithe seo ábalta a gcuid taithí a roinnt linn i dtaca le dea-chleachtais le cur chun cinn teangacha dúchais.
Tarlaíonn an cur i láthair seo sa tseachtain chéanna a thagann na saineolaithe ón Choiste Saineolaithe Eorpach ar chuairt chuig an tuaisceart le bualadh le cuid de na páirtithe leasmhara faoi chomhlíonadh an Chairt Eorpach.
Bhuail Caitríona Ruane leis an choiste saineolaithe Dé Máirt. Thug sí cuntas ar an obair atá ag dul ar aghaidh ina hAireacht féin ach san am céanna thapaigh sí an deis le buarthaí Sinn Féin a ardú ar chomhlíonadh an Chairt.
Tagann an cur i láthair seo amárach ar chúlra an teip le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach, le Straitéis Ghaeilge a thabhairt chun tosaigh agus leis an Chairt a chomhlíonadh. Tagann sé fosta ag an am a bhíonn an tAontas Eorpach ag cur brú méadaithe ar Rialtas na Breataine as teip na coimitmintí faoin Chairt agus faoin Chomhaontú Cill Rímhinn.
Ní bheidh Sinn Féin sásta faoiseamh a sholáthar don diúltú DUP seasamh réadúil bheith acu ó thaobh na Gaeilge de.
Ó thaobh s’againn tá Sinn Féin tiomanta go hiomlán le reachtaíocht éifeachtach, ceart bunaithe a fháil do Ghaeilgeoirí sa tuaisceart. Is próiseas leanúnach agus iontach tábhachtach é seo dúinn. Beidh an tAire DCAL ag teacht roimh an choiste 10 Nollag agus beidh muid ag éileamh freagra uaidh ar an teip le reachtaíocht ná straitéis Ghaeilge a thabhairt chun tosaigh, nó an Chairt a chomhlíonadh.
Cur i láthair ó na saineolaithe cruthú eile ar an ghéarghá le gníomh ar reachtaíocht teanga – Mac Ghiolla Dhuibh

Mhol cathaoirleach Choiste DCAL, Ball Tionóil Sinn Féin, Barra Mac Ghiolla Dhuibh inniu na hoifigigh ó rialtais Bhaile Átha Cliath, na hAlban agus na Breataine Bige a tháinig go Stormont inniu agus a thug cur i láthair don choiste ar dhea chleachtais reachtaíocht teanga.Ag labhairt leis ag Stormont inniu dúirt an tUasal Mac Ghiolla Dhuibh:Tá mé buíoch de na hoifigigh a tháinig anseo inniu agus a thug peirspictíocht shoiléir dúinn ar na buntáistí a bhain siad amach de thoradh ar reachtaíocht ceart-bunaithe a chosnaíonn agus a chuireann chun cinn teangacha dúchais.Arís eile taispeánann saineolaíocht intíre agus idirnáisiúnta an bogadh chun cinn gur féidir a dhéanamh le reachtaíocht mar seo a dhéanamh don tsochaí, ó thaobh gnó, oideachas agus na healaíne de.Ar an droch uair, níor chomhlíon rialtas na Breataine go fóill na dualgais orthu faoin Chairt Eorpach agus ón Chomhaontú Chill Rímhinn. Theip ar an DUP chomh maith sna dualgais atá orthu san Aireacht DCAL i dtaca le cur chun cinn na Cairte, ag feidhmiú Acht Gaeilge agus a moladh féin ar Straitéis Teanga a thabhairt chun tosaigh don Ghaeilge.Tiocfaidh Nelson McAusland os comhair an Tionóil roimh Nollaig agus leanfaidh Sinn Féin ag cur brú air leis an reachtaíocht riachtanach seo a thabhairt chun tosaigh.” CRÍOCH

No comments:

Post a Comment