Tuesday 6 October 2009

Acht Gaeilge ANOIS!!


Beidh lá ceiliúradh agus spraoi sna Margaidh ar an Domhnach seo chugainn. Tá sé ag titim amach trí bhliain i ndiaidh gealltanais a thug rialtais na Breataine go mbeadh Acht Gaeilge curtha i bhfeidhm sna Sé Chontae.

Seo imeacht difriúil óna mórshiúlta thit amach roimhe seo ach sílm gur smaoineamh den scoth é, go háirithe ina dhiaidh dom freastal ar an Mela Bhéal Feirste cúpla mí ó shin. Bhí sin ina ceiliúradh galánta de cultúr na hIndia agus na cultúrtha eile anseo sa chathair. Is ceart go raibh ceiliúradh cosúil le sin ag pobail na Gaeilge anseo fosta, leis an Acht nó gan an Acht!!

Ach ar aon nós, bígí linn agus bain sult as na himeachtaí ar fad a bheas ar fail ar an lá, beidh mé fhéin ann agus tá mé ag súil go mór leis.

Beir Bua!!

No comments:

Post a Comment