Thursday 7 January 2010

Ceisteanna fa choinne an 'Royal Mail'


Tá CTR Shinn Féin do Tuaisceart Bhéal Feirste Carál Ní Chuilín chun iarraidh ar Oifig an Phoist fiosrúcháin a dhéanamh isteach ar cén dóigh a raibh baill foirne ábalta scríobh ar litir seolaithe as Gaeilge “Most people in this country only speak English” ar na mallaibh.

Tá Carál go hiomlán ceart nuair a deireann sí go bhfuil an phobail Gaelach i dteideal meas ón Oifig nuair a bhaineann siad úsáid asan seoladh i dteanga s’acu fhéin. Go pearsanta, tá mo chuid litreacha uilig seolaithe trí mheán na Gaeilge.

Labhair mé le Carál fa seo níbe luaithe agus is rud a bheas mé fhéin, chomh maith lei fhéin, a choinneal súil géar air sna laethanta beaga romhainn.

Ba chóir do Ghaeilgeoirí ar fud na Sé Chontae lean leo a’ bhaint úsáid as an foirm Gaeilge, rud a bheas mé fhéin a dhéanamh mar is gnáth agus is cinnte go mbeidh muid uilig ag súil le gníomhach ó Oifig an Phoist gan mhoill.

Ráiteas Carál @ http://www.sinnfein.ie/contents/17964

1 comment:

  1. I wouldn't worry Niall,
    The post office will lose its monopoly soon and an Post will have no problem reading your envelope

    ReplyDelete