Thursday 18 February 2010

Preas ráiteas ó Folk4Haiti


FOLK 4 HAITI
BREIS AGUS 15 AOI SPEISIALTA
THE EMPIRE MUSIC HALL, BÉAL FEIRSTE
AN 28 FEABHRA, 2010: 2.00in - 12 Meán Oíche
£10.00

Is mian le BELFAST 4 HAITI ‘Folk 4 Haiti’ a fhógairt - lá mór de cheol tíre agus de cheol traidisiúnta na hÉireann san Empire Music Hall, Béal Feirste, an 28 Feabhra ó 2.00in go dtí meán oíche. Is costas £10.00 a bheidh ar na ticéid agus is féidir iad a cheannach ag an doras. Rachaidh an fáltas ar fad chuig Ciste Chrith Talún Háítí de chuid an Choiste Éigeandála um Anachana [DEC -Disasters Emergency Committee].

Rinne an crith talún ba láidre a bhí in Háítí le breis agus dhá chéad bliain an tír
Chairibeach a léirscrios Dé Máirt, an 12 Eanáir 2010. Tá breis agus £41,000 bailithe ag Belfast 4 Haiti go dtí seo agus má leanaimid lenár gcuid iarrachtaí, is féidir tuilleadh a bhailiú do mhuintir Háítí. Tabharfaidh ‘Folk 4 Haiti’ ceoltóirí tíre agus ceoltóirí traidisiúnta le chéile ó Bhéal Feirste agus i gcéin le haghaidh ceolchoirme den chéad scoth a mhairfidh lá iomlán.
I measc na n-aíonna speisialta a ghlacfaidh páirt sa cheolchoirm beidh:
Anne, Ben agus Colm Sands
Gerry O’Connor agus Cathal McConnell
Alan Burke
Barry Kerr
The Rapparees
The Pigeon Top
Caoimhín Mac Giolla Chatháin (Bréag)
Craobh Rua
Alalé
Conor Caldwell agus Kevin Mc Cullagh
Casadh
Crúb agus Béal
Clanú
An Modh Díreach
Conor O’Kane
Breandán O’Hare, Ruadhraí O’Kane agus a gcairde

Tabhair faoi deara go bhfuil an ócáid seo arna heagrú chun leasa an DEC - An
Coiste Éigeandála um Anachana.
Ag amanna éigeandála thar lear, tugann an DEC comhaontas uathúil le chéile den
earnáil chúnaimh, an earnáil chorparáideach, an earnáil phoiblí agus an earnáil
chraoltóireachta chun trócaire na tíre a chomhchruinniú, agus le cinntiú go dtéann
an t-airgead a bhailítear chuig gníomhaireachtaí DEC a bhfuil ar a gcumas acu an
fhóirithint is fearr a chur ar fáil go héifeachtach agus go tráthúil do dhaoine. Is é
sainchúram DEC iarrachtaí gníomhaireachtaí a chomhaontú in amanna anachana -
mar thuilte, crith talún nó gorta - cibé áit ar domhan a tharlaíonn sé. Is é an cur
chuige atá againn in DEC maidir lenár gcuid oibre ná méid an airgid a bhailítear a
uasmhéadú agus cinntiú go gcaitear é ar bhealach éifeachtach agus freagrach.
http://www.dec.org.uk/who_we_are/
Uimhir Charthanais: 1062638

DEC HAITI EARTHQUAKE,
PO BOX 999,
LONDON,
EC3A 3AA.

Ionad: The Empire Music Hall, Botanic Avenue, Béal Feirste
Dáta: Dé Domhnaigh, an 28 Feabhra
Costas Ticéid. £10 ag an doras Doirse: 2.00in
Is féidir airgead a dheonú go díreach chuig an DEC (Disasters Emergency
Committee) trínár leathanach Just Giving ag an seoladh seo:
http://www.justgiving.com/belfast4haiti
Le breis faisnéise a fháil, déan teagmháil le Méabh/Dee ag folk4haiti@hotmail.co.uk
Sonraí suas chun dáta ar Facebook: http://bit.ly/folk4haiti
agus Twitter: http://twitter.com/folk4haiti

No comments:

Post a Comment