Monday 20 July 2009

Laochra Uladh


Cluiche agus lá den scoth!

D’éirigh mé go luath inné le freastal ar Cluiche Cheannais Uladh. Bhí Conchubhair a tiomaint agus bhí muid uilig tógtha fan turas, an cluiche agus an lá a bhí romhainn.

Dar ndóigh ní lucht leanúna d’Aontroim nó Tír Eoghain muid, is fir Contae an Dún sa carr máidin inné.

Tá sé ráite ag achan duine inniu gur cluiche agus atmaisféar den scoth a bhí ann le linn an cluiche; bhain mé fhéin sult as achan rud a baint leis an lá; na dathanna, an craic, an ceol, an spóirt agus an ceiliúradh. Bhí pionta nó dhó i dteach tábhairne Hibernian an mhaith fosta!

Tá comhghairdeas tuilte ag Aontroim as feachtais s’acu ach go hairithe don cluiche cheannais inné. Dar ndóigh tá comhghairdeas tuilte arís ag contae Tír Eoghain as an bua sláintiúla.

Is léir do dhuine ar bith ata ag iarraidh a fheiceáil, gur rud iontach speisialta í an Cumann Lúthchleas Ghael, bhí sin soiléir ón méid teaghlaigh, cairde agus cumainn ag freastal ar an cluiche inné.

Bhain mé a lán sult as an cluiche agus as cluichí an Dún agus déanfaidh mé mo dhícheall freastal ar an cluich i n-éadan Ciarraí fosta.

Mar fhocal scor, beidh mé oscailte agus ionraic libh a léitheoirí dhílis, roimh deireadh an cluiche bhí mé ag screadadh ar son……………………………………………..mo chomharsan Contae Aontroim!

No comments:

Post a Comment