Sunday 1 March 2009

Eddie Keenan: Ar slí na Fírinne




Is cúis fíor bhróin é bás Eddie, Gael eile atá anois cáilte againn.

Ach is cúis céiliúradh saol Eddié chomh maith.

Gaelgóir, Poblachtánach, Ceoltóir, Éireannach, Cara, Athair agus Seanathair a bhí i Eddie agus is cinnte go mbeidh croí láidreacha ag an Chlann Uí Chianáin faoi láthair.

Cur mé aithne ar Eddie agus mé iontach óg, is minic a glach sé turas thar an droichead ag an nollaig le bheith mar Dáidí na Nollaig againne i Naíscoil Mhic Airt nó thall i ionad Phobail na Margaidh.
Tá aithne mhaith agam ar a níon Máire, mar a gcéanna leis na céadta dálta a d'imigh tríd Bunscoil Phobail Feirste.

Chonaic an Domhain Mhór meoin trodach Eddie i ngariníon s'aige Máire le linn feachtais s'aici a bheith ábalta Gaeilge a labhairt sna cúirteanna sna Sé Chontae.

Fiú muna raibh aithne agat ar Eddie, BHÍ aithne agat ar Eddie, ba caractar ollmhór é i saol Bhéal Feirste. Bhí tionachar tábhachtach aige ar an phobail Ghaelach, an phobal Poblachtánach agus na sluaite eile ar a bharr!

Tá muid buíoch d'Eddie agus streachailt s'aige ar son an Ghaeilge agus ar son na hÉireann.

Tá Eddie anois ar slí na Fírinne, deirfhinn go bhfuil sé ag ceol leis!

I measc laochra na nGael go raibh a anam uasail.




No comments:

Post a Comment