Ar aon nós, níl mórán d'heirloomeanna againne, is é sin an Clann Uí Dhonnghaile na Mac an Bheatha. Ach caithfidh mé a rá tá rud agam atá iontach, iontach spéisialta. Is é sin Fáinne Óir mo Seán Athair, Seamás Mac an Bheatha.
Ar an drochuair fuair sé bás bliain roimh domhsa theacht ar an tsaol, bím i gcónaí iontach brónach faoi sin. Thosaigh mé a smaoineamh air arís nuair a bhfuair sár-Ghael ón ceantair, Liam Ó Docartaigh bás ar na mallaibh.
Bá Gael é mo seán-athair chomh maith agus tá mé chomh brodúil as sin. D'fhoghlaim seisean a chuid Gaeilge agus é faoi glas an Gallaibh sna 1930í agus sna 1940í. Ní raibh an tádh céanna aige na mar atá againne sa lá atá inniu ann; streachailt a bhí i gceist ár dteanga dúchais a fhoghlaim sna laethanta sin!
Ach, lán sé leis, is dóiche go raibh neart ama aige agus é ar an long phríosúin Al Rawhda agus i bPríosúin Bhéal Feirste. Is é seo an áit a bhain sé Fáinne Óir s'aige amach. Rinneadh an Fháinne as píosaí de phíopaí copair bainte ón long é fhéin. Is cuimhin liom go maith é agus mé iontach óg, curtha go cúramach i mbocsa seodra mo seánmhathair. Chomh maith le seo bhí na mílte leabhair ghaelach sa seomra leaba ag barr a tí. Ar an chéad leathanach d'achan ceann bhí 'Seamás Mac an Bheatha - Príosún Bhéal Feirste' nó 'Seamás Mac an Bheatha - Trá Ghearr'
Creidim go raibh sé foirsteanach mar sin de, do m'uncail Seánaí, mac Sheamáis, an Fáinne céanna sin a chaitheamh ar lá a bpósadh. D'fhoghlaim seisean a chuid Gaeilge agus é faoi ghlas ag Gallaibh fosta, ach an tam seo sna mBlocanna H agus é ar an phlúid.
Is linne ar fad é an Fáinne anois, mise, Pádraig, Seán, Éithne, Cáitríona agus Seán Óg, mar is linne an oidhreacht a thosaigh le Jimmy McVeigh agus é i bPríosún beagnach 70 mbliana ó shin. Caithim an Fáinne le bróid agus le grá, bród agus grá don teanga ach bród agus grá do mo sheánathair a thug domhsa agus dá garrchlann ár dteanga fhéin.
i'm following you
ReplyDelete