"An splanc a las an Tine Bheo....."
Seo píosa scríobha ag Pilib Ó Ruanaidh ar blag Máirtín Ó Muilleoir ar saol Liam Uí Dhochartaigh.....
Le Pilib Ó Ruanaí:
Cuireadh Liam Ó Dochartaigh Dé hAoine seo caite 6ú Feabhra i ndiaidh aifrinn i dteach an phobail Naomh Maitiú i mBaile Mhic Airt a cheantar dúchais. Nuair a bhí mé ag fás aníos mar dhéagóir sna seachtóidí sa Trá Ghearr bhí aithne agam agus ag mo chomhghleacaithe ar fhear an bhus a labhair Gaeilge. Ar feadh m'eolais ba é Liam an t-aon duine sa cheantar a labhair Gaeilge – fuair mé amach ar ball nach raibh sin fíor – ach ag an am sin chuaigh mé chuig corr rang. Ó am go chéile cuireadh brú ar na poblachtanaigh óga a dteanga dúchais a fhoghlaim agus rachaimis chuig rang Liam, ach níor mhair sé i bhfad. Ba mhó an tsuim a bhí againn sa streachailt armtha a bhí ag dul ar aghaidh thart orainn ná mar a bhí againn sna briathra neamhrialta. Bhí sé ar an choiste a chur tús le Naíscoil Mhic Airt, lena chara Billy Matthews, Daithí De Paor agus daoine eile thart ar 1979 agus ábhar bróid a bhí ag muintir na háite go raibh naíscoil againn – má bhí ceann ag pobal iarthar na cathrach ní raibh fáth ar bith gan naíscoil bheith againne fosta! Bhí stair chorrach ag Naíscoil Mhic Airt ach as sin a d'eascair An Droichead, tionscnamh Gaeilge a bhain príomh dhuais Ghlór na nGael 2005 & 2006. Thug mé cuireadh do Liam theacht i láthair chuig an oscailt oifigiúil do Lárionad an Droichid mí na Nollag 2000. Bhí na maithe móra agus na móruaisle le bheith ann, ach shíl mé gur cheart dó bheith ann de bhrí gur iompair sé lóchrann na Gaeilge thar na blianta fada gan mórán tacaíochta nó cuideachta. Níor nocht sé ar scór ar bith – rud nár chuir iontas orm, nó bhí a fhios agam nach mbeadh sé compordach ag ócáid fhoirmealta. Ach iontas na n-iontas nuair a d’imigh an chuid is mó de na aíonna agus an bia ite agus muidinne réidh le dul go dtí an teach tabhairne cé tháinig isteach ach Liam agus ba mhór an pribhléid agam an foirgneamh úrnua a thaispeáint dó angus buíochas a ghabhail leis as an oidhreacht a d’fhág sé dúinne a tháinig ina dhiaidhsean. Bhí Gaeilge den scoth aige, blas soiléir Béal Feirsteach agus fuaimniú iontach cruinn, stór leathan focal agus líofacht gan dua. Dá gcasfaí ar a chéile muid agus é ar a bhealach ‘n abaile ó aifreann na maidine stopfaimis le comhrá a dhéanamh le caibidil a dhéanamh ar chúrsaí Gaeilge. Ní bheadh sé iontach cinnte fá na hainmneacha ar an ghlún ‘óg’ i mbun Lá nó i mbun na Cultúrlainne nó ar an raidio ach mhol sé an obair a bhí á dhéanamh acu. Thoisigh sé a mhalartú scéalta liom fá Ghlún na Buaidhe agus comradaí leis, Joe Mac Domhnaill, a chuaigh a chónaí go Baile Átha Cliath.Chonacthas domh go ndeachaigh sé dian air leanstan ar aghaigh lena shaol i ndiaidh gur cailleadh a bhean Maureen a fuair bás roinnt blianta roimhe. Casadh orm sa chultúrlann tamall de mhíonna ina dhiaidh agus dúirt sé liom gan ligint air go raibh sé ag magadh liom ‘Ba chuma liom ach bhí grá mór agam di. De ghnáth nuair a chailltear ceile ar aois ‘s againne bíonn faoiseamh ar an duine atá fágtha ina dhiaidh, ach bhí muid i ngrá go fóill!’ Scrúdaigh mé a dhreach agus chonaic mé an splanc ina shúile agus rinne sé meangadh gaire. Thóg Liam a chlann le Gaeilge Philomena, Nuala agus Colm, agus is annamh an lá i ndiaidh bás a máthartha nach raibh duine acu sa teach le freastal a dhéanamh ar a n-athair. Ag an fhaire thaispeáin Colm litir a bhí istigh i bhfoclóir Uí Dhónaill de chuid Liam agus is í a bhí ann ná litir a scríobh sé chuig Aodh Ó Ruanaidh, cime poblachtanach áitiúil, a bhí ar agóid na pluide ag an am 1979 agus bhí Liam á mholadh as a dhúthracht i leith na Gaeilge. Sílim go bhfuil sé fóirsteanach mar ní raibh ach slat tomhais amháin ag Liam agus ba é sin an Ghaeilge. Go raibh sé sna flaitheas lena bhean ionúin Maureen ar láimh dheas Dé go raibh siad beirt.
Wednesday, 11 February 2009
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment